Scoil: Éadan Anfaidh (uimhir rolla 10166)
- Suíomh:
- An tÉadan Anfach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Gráinne Ní Éagrain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na leabhar ar fághail aici. Rinne sí súgan órdóige annsin, cheangail suas na leabharthai agus d'áirdigh an t-ualach ar mhuin Choilm. Thug Colm buidheachas díthe agus annsin d'iarr sé athchuinge do'n dá mhnaoi.
Ars seisean leis an mhnaoi gur sháraigh uirthi na leabharthai a chruinniughadh: "Go gcuiridh Dia fear maith annsort'sa." Agus ars seisean leis an mhnaoi a rinne an t-éifeacht: "Nar cuiridh Dia fear ar bith annsort'sa."
Ar ndóighe bhí an bhean dheirionnach ar na daorthaidh.
"Caidé an fath a n-abair tú a léithid," ars sise? "Nach airidh ormsa fear maith a fhághail níos mó na 'ise?"
"'Sé seo mar tá an sgéal," ars Colm. "Tá tusa thú fhéin ábalta theacht i dtír, agus os rud é go bhfuil tú comh hurradhanta ingealta agus atá ní bhéadh sé furast agat comráduidhe a fhághail a bhéadh ann do sasamh. Muna mbéadh teacht le chéile ar dóigh agaibh b'fheárr duit bheith díomhain. Acht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gráinne Ní Éagrain
- Inscne
- Baineann