Scoil: Éadan Anfaidh (uimhir rolla 10166)

Suíomh:
An tÉadan Anfach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Gráinne Ní Éagrain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 298

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 298

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Éadan Anfaidh
  2. XML Leathanach 298
  3. XML “Tomas na hOrdóige”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    miotallach agus ba mhór an tsúbhailce é do na athair agus do na mhathair.
    Bhí go maith agus ní rabh go h-olc. Lá amháin bhí sean Tomas ag obair giota ó'n teach agus d'iarr sé ar Shíle a chuid tae thabhairt amach annsair trathnóna. Nuair a thainic am tae dubhairt Tomas na h-Órdóige go dtabhairfeadh seisean an tae amach chuig na athair. Thug sé leis bamhal an tae ina dhá láimh bheaga agus ceathramhadh an arain ar mhullach a chinn agus ar shiubhal leis.
    Leath beallaigh dó thainic cioth cloch-shneachta agus chuaidh Tomas ar fosgadh faoi dhuilleóig chapóige. Nuair a bhí sé tamall beag annsin caidé thigidh thart ach an tarbh mór riabhach, cuiridh a theangaidh fa'n duilleóig a rabh Tomas fuithe agus shlog siar duilleóg, Tomas agus iomlán.
    Nuair a bhain sean Tomas dúil de'n tae thainic sé un tíghe da chuartughadh.
    "Cad chuige nar chuir tú mo chuid
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0700: Tom Thumb
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Gráinne Ní Éagrain
    Inscne
    Baineann