Scoil: An Ghrafaidh (Graffy) (uimhir rolla 10130)
- Suíomh:
- An Ghrafaidh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinnsias Ua Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghrafaidh (Graffy)
- XML Leathanach 500
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí fear agus bean na gcómhnuidhe i Doire-lochan agus ní rabh aca ach nighean amháin agus bhí sí pósta ar fear as Tír Eoghain...”
Bhí fear agus bean na gcómhnuidhe i Doire-lochan agus ní rabh aca ach nighean amháin agus bhí sí pósta ar fear as Tír Eoghain, Lá amháin bhí an fhear agus bhean ag obhair go cruaidh ag an fhéar, agus dubhairt an bhean níl móin ar bith istuigh agus caithfidh tú gabhail fá na choinne, agus cuaidh. Nuair a bhí sé shuas ag an cruach móinraidh tháinic fear cuig agus arsa seisean tá [do]? nighean go h-olc, agus má maith leath í feicheáil beo caithfidh tú gabhailaanois. Dubhairt an fhear bá truaighe an sgéal sin do mo bhean, agus tig leath-sa fanacht aice go dtiochfidh mise arais. Chuir an stráinsear air eadaigh an fhir eile agus chuir an fear ar éadaigh an t-stránsear agus d’innis an fhear do stransear go dtiochfadh leis-an cliabh mónadh a thabhairt leis agus é féin a coimhead ar an sumireach a bhí ar cúl an toigh, agus d’imtigh sé leis é féin thar na gcnoc go bfeicheadh sé a nighean, ach caidé rinne an stránsear ach gabhail isteach ins an sumireach a bhathádh é, agus fuairas é ar maidin lá-thar-na-mbárach agus bhí faire agus torramh aca air.
An oidhche na diaidh sin, bhí an bhean agus buachaill searbhíse na suidhe ag an teine, agus dubhairt an bhean caidé fá dúinne(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máighread Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Srath Buí, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Bhraonáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Srath Buí, Co. Dhún na nGall