School: Leac Chonaill (roll number 14890)

Location:
Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Séamus Mac Grianna
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 399

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 399

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leac Chonaill
  2. XML Page 399
  3. XML “Seanchas fá Cheantair na Scoile seo”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    “Bhéigin dam”, arsa Proinsias. I bhfad ní ba mhó cochain a thabhairt dithe annsin na ghoid mé uaithe”.
    Ba nighean deartharach do Mháire Aindreis ab í Máire Ruadh. Bean Mháirtín Harrison - ar ar thracht mé cheanna féin. Bhí ortha an dubhragain aicí, agus le na chois sin bhí geasrogaí eile aicí fosta. Sul ar pósadh í féin agus Máirtín. Ní rabh cinnteacht aicí caiden rún a bhí ag Máirtín. Thainic sé ‘un tighe ar cuairt chuicí oidhche amháin ach dimthigh sé arais.
    Dubhairt Proinsias Ó’Gallachobhair leithe la ar na mhárach go rabh sí réidh leis mar Mháirtín.
    “Ó níl”, ar sise. “Tiocfaidh sé arais. Chuir mé snathad mhór in a chóta, agus caithfidh sé theacht arais”.
    Thainic sé, agus pósadh iad.
    Fuair sí bás in 1921, agus fuair Máirtín Harrison bás in Aibrean 1922.
    Séamus Mac Grianra, 2adh Feabhra, 1938.
    Fuair mé an seanachus seo ag Proinsias Ó’Gallachobhair a bhí na chomhnuidh i Leac Chonail- rith a shaoghail - agus a fuair bás fa shamhain 1924. Bhí sé suas le 90 bliadhna de aois.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Mac Grianna
    Gender
    Male
    Informant
    Proinsias Ó Gallachobhair
    Gender
    Male
    Age
    90
    Address
    Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall