Scoil: An Mhálainn Bheag (uimhir rolla 14119)

Suíomh:
Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall
Múinteoirí:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 31

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 31

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Mhálainn Bheag
  2. XML Leathanach 31
  3. XML “Micí Néilín agus Hata 'Agent' an Tiarna Talaimh (Scéal Grinn)”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ‘na chomhnuidhe I Mhálainn Bheag a dtugadh said Micí Néilín air. Ní dheacaidh Micí ariamh ‘un aonaigh nó ‘un margaidh nach n-ólfad sé gloinne, agus dálta moran fear eile bhí sé rud beag dearmadach nuair a bheadh gloinne ólta aige, Ar an adhbhar sin bhiodh a bhean leis go minicas bhaile.
    Lá amhain chuaidh Micí ‘na Carraice leis an cíos a díol. D’ól sé cupla gloinne indiaidh dul ‘na bhaile mhóir, agus isteach leis ‘na t-seomra ina rabh “Agent” an Tighearna Talaimh ag glacadh na cíosa.
    Bhain sé de a hata agus d’fág ar an table é. Bhí hata an tAgent ar an table fosta, acht nuair a bhi Micí ag imtheacht, thóg sé hata an fhir eile agus chuir ar a cheann é. Níor thug sé fá dear an dearmad go rabh sé tamall ar an tsráid, agus bhí oiread eagla air dul arias leis an hata (ar eagla go sílfeadh an fear eile gur ghoid sé é), gur imthigh se abhaile comh tuigh gear agus thainnig leis. Níor chuala sé ariamh ina dhiaidh sin ceocú bhí fhios ag an fhear nó nach rabh fhios cé tóg an hata, acht chongbuigh Micí é, agus é lán Shasta de’n mhalairt, acht ní doiche go rabh an scéal mar sin ag “Agent” an Tighearna Talaimh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Bhaoighill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    60
    Seoladh
    Málainn Mhóir, Co. Dhún na nGall