Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Léon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 142
- XML “An tIascaire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)An t-IasgaireBhí fear ann fad ó shoin agus is í an obair a lean sé do ná iasgaireacht. Chaith sé fad a shaoghail ag iasgaireacht agus bhí sé comh bocht nuair a shaoghal caithte aige ag iasgaireacht agus bhí sé an chead lá.
Lá amháin chuaidh sé amach agus chuir sé líon agus nuair d'amharc sé arais air bhí an líon folamh. An darna h-uair a chuir sé é agus nuair a thóg sé é bhí sé folamh fosta. An triomhadh h-uair a chuir sé é nuair a thóg sé é fuair sé bocsa casta istoigh i gcoirneál an lín. Thug sé isteach an bocsa go cúramach 'un talaimh agus nuair d'foscail sé é d'éirigh cnap ceoigh amach as. Nuair a bhí an ceó cruinnighthe shuas os a chionn thuit fear anuas agus d'amharc ar an iasgaire agus dubhairt: "Tusa a thóg a' bocsa?" "Is mé", arsa an t-iasgaire. "Captaoin soithigh a bhí ionnaim-se a cailleadh tá trí cheud bliadhain ó shoin, arsa an fear, "agus dubhairt mé nuair a bhí mé ceud bliadhain caillte(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Nic Bhreartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Iomaire Mhuireanáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seaghan Mhac m Breartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 39
- Gairmeacha beatha
- Feirmeoir
- Saor adhmaid (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Iomaire Mhuireanáin, Co. Dhún na nGall