Scoil: Brackey (uimhir rolla 3500)
- Suíomh:
- Breacaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Brackey
- XML Leathanach 171
- XML “Máirseal Ní Bhriain”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)IV
Is truagh nach bhfuil mise agus blat bán na gila
I dtom ghlas coilleadh na ar n-iarraidh
Na i seómra dhruidthe faoi bhórd luinge
Ag ól ar mbuideal réidhtigh
Gan duine bheith ar fághail nar cruthughadh ariamh san áit
Acht sagart a bheith ag ar láimh, réidhtigh.
Go bfághainn se ‘gus mo ghrád, an geall amhaint adaidh a rádh
Nach sgaoilfidhe go lá an t-sléibhe.
V
Tá coirneail daithte, sgaoilta, scaptha,
Síos léithe acht maidin samhraid,
Ar an oig-mhnaoi mhaiseach a bhain a gcroide de eala
Is plúr na mban is tú í, cnusacht meala
A bíos ag na beachogaí
Is milse a blas na an siucra
Da mbeadh bliadhain ar fad ins an oidhche gan stad
Ba é mo mhian a beit leat ar ndóighthe.
VI
Ta cíobhailt réidh ag blath bán na gcraobh
Síos léithe go béal a broige
Ag an aingeal chiúin t-séibhidh a chruthuigh mac an t-saoghail
Sgur deise í na an reult eolais.
Gaire a béil a bhfasann na céadthaí
Is páirt é da do treathra-sa a oig-bhean
Sgo neosfainn a ráinn ar eala a’ t-saoghail
Acht do feicsint ach aon oidhche dhómhnaigh.
(Críoc)