Scoil: Learga na Saorthach (uimhir rolla 14888)
- Suíomh:
- Learga na Saorthach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Cathal Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dtáinig sé agus ceithre bhun cáil leis.
"Bal" arsa siadsan "cé bith rud a tcifidh tú na labhar aon fhocal go dtigidh muid an fad seo arais". Thug siad bun cháil do Éamann agus diarr siad air suide ar. An oiread bhomaite bhí sé na bheathadh agus d'imthigh siad leo ag tarraingt ar Chonnachtaibh.
Nuair a shroic siad Connachta, bhí páisdí na bainse amuigh rompa. Chuaidh siad fhad leis an teach, agus d'fág siad na beitidhigh taobh amuigh. Níor mhotuigh Éamann go dtí go raibh sé shuas ós a gcionn agus é greamuigh[the(?)] dó na creathaidhe. Bhuail an damhsa acu ar iochtar. Indhiaidh an tae chuir fear acu anuas sifín cocháin, chuir sé fhad le srón na mná é, agus leig sí srofaí. Chuir sé anuas airíst é, agus rinne sí an rud céudna. Arsa Eamann "Dia agus Muire leat". Ní raibh acu acht an sifín a chur anuas trí h-uaire, gur leig siad Éamann síos ar an úrlar, gogán(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Róise Ní Aodhaghain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Srath na gCartán, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Giolla Easbuic
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín an Chearrbhaigh, Co. Dhún na nGall