Scoil: Tuar an Fhíona, Baile na Molt (uimhir rolla 8133)

Suíomh:
Tuar an Fhíona, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Nóra Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0647, Leathanach 199

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0647, Leathanach 199

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tuar an Fhíona, Baile na Molt
  2. XML Leathanach 199
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Figheadóir a bhí ag teacht abhaile ó Ceapach Cuinn, agus cúpla ceirtlín snáith aige. (Petticoat Loose)

    Figeadóir a bhí ag teacht abhaile ó Ceapach Cuinn agus cúpla ceirtlín sráith aige. Bhí sé déanach san oíche ach go raibh sé geal agus bhí sé ag gabháilt casáin cóngar gairid do Mheilearaí. Bhí sé ag déanamh síos ar ghleann nuair a buail Petticoat Loose leis. Thug sí fé agus leag sí ceann des na ceirslíní as a láimh. buail sí cic ar an gceirtlín. Lean an fear an cheirtlín is thug sé iarracht eile thar n-ais di. Thaithnigh san léithe is buail sí arís í. Bhíodar ó buille go buille mar sin, is iad ag titim le fánaidh i gcónaí. 'Sé rud a bhí ón bhfear ná amus d'fhághailt ar dul thar an sruth. Nuair a bhíodar ag déanamh ar an sruth shíl sí dul idir é is an t-uisce ach bhí sé ró-bríomhar is chuaidh sé dhe léim amach ar charraig a bhí i lár na h-abhann. Cuir sí scréach aisti is d'imigh sí ina caor lasrach, anáirde san aer. D'fhan an figeadóir 'na shuí ar an gcarraig go maidean.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eilís Ní Chadhla
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Béal na Molt, Co. Phort Láirge
    Faisnéiseoir
    Máiread Barún
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill Chuana, Co. Phort Láirge