Scoil: Baile Mhic Airt, An Rinn
- Suíomh:
- Baile Mhac Airt, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Tomás Ó Faoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhic Airt, An Rinn
- XML Leathanach 35
- XML “Na Bailte Fearainn atá sa Seanphobal - Rann Oíche Shamhna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Anocht oidhche Shamhna bongo longo. Ag cur sop ins na fuinneóga agus ag dúnadh na ndóirse. irigh is shuidhe a bean a' tighr.
Teighir suas go fearamhail, tar anuas go flaithamhail. Tabhair leat cul ne bullóige ar leach na liche ambeadh faid léim ghirrfiaidh innte agus gearradh scine ar airde.
Ba mhaith liomsa deoch bainne bog milis gan cáinín gan ribe a mbeadh uachtarna mullá i leamhneacht na cíosa.
Ní hé an bainne ó indiú ná an bainne ó indé ba mhaith liomsa a iní neo., nach lemhnacht bog milis gan cainín gan ribe ambeadh uachtar na muilla i leamhnacht na cíosa agus ba dóigh leat go dtáchtfadh sé mise ach mo creuch geur fada narbh baol dom. Ní mise Piaras ó Priosa ná Diarmuid Ó Duibhne ná Diarmuid Ó Dunaighe ná raibh riamh 'na cónaí ach ag obair i gcónaí nach garsúinín bocht gan garraidhe gan gort a cailleadh a athair lá cruaidh Barraigh agus bódadh a mháthair i gcnoc mór sneachta. "Bó bó bu, Sín amach do chabhair a bhean a'tighe agus gura seacht bfearr a bheidh tú ar theacht na Samhna arís.- Faisnéiseoir
- Micheál Turraoin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 57
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile Uí Churraoin Theas, Co. Phort Láirge