Scoil: Baile Mhic Airt, An Rinn

Suíomh:
Baile Mhac Airt, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Tomás Ó Faoláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 25

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 25

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhic Airt, An Rinn
  2. XML Leathanach 25
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Déanann cuntas gearr cairdeas fada

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    -Déineann chuntas géarr charadas fada.
    -Ní moill faobhar ach is mór an moill bheith gan é.
    -Is buaine an t-únán ná an t-anbhruith.
    -Giorruigheann beirt bóthar
    -Is searbh an súgh umlaidheacht gan iarraidh.
    -An timcheall cun an teampaill agus an cómhgar chun an aifreann.
    -Dún ar dul achodhladh leisce ar éirighe.
    -An timcheall cun na h-oibre agus an cómhgar cun an bídh.
    -Innis do Mháire i gcogar é agus inneosaidh Máire do'n phobal é.
    -Ní thuigeann an sáthach an seang nuair a bíonn féin teann.
    -Nuair a bhíonn deire leis an scotha go léir faghainn an bunach glaodhach.
    -Déan uair amháin é agus tá sé déunta fé dhó.
    -Ní déanann béal dúnta aighneas.
    -Leanam go dlúth le clú ar sinnsear.
    -Ní sia rithfidh leat ná mar is toil le Dia.
    -Is treise dúthcais ná oileamhaint.
    -Ní'l tuillte na trághann ach tuille na ngrás.
    -Níl feallaigh riabh ná feallaigh coidhce.
    -Ní ualach do dhuine an foghluim.
    -Is minic a déineann braimicín gioballach capaillín cumasach.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Ó Faoláin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge
    Faisnéiseoir
    Seumas Ó Floinn
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 62
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Baile Mhac Airt, Co. Phort Láirge