Scoil: Baile Mhic Airt, An Rinn

Suíomh:
Baile Mhac Airt, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Tomás Ó Faoláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0641, Leathanach 135

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0641, Leathanach 135

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhic Airt, An Rinn
  2. XML Leathanach 135
  3. XML “Seancheirdeanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Geárrtar a lán bataí annsan timceall troigh ar faid. Cuirtear ceithre buaicí a ghac ceann díob so.
    Fágtar na bataí an áirde ar dréimire annsan. Cuirtear gach buaiceas síos san géir annsan agus tógtar amach arís iad. Nuair a bheadh siad tirim annsan cuirtear síos san géir arís iad. Leantar de a bheith ag cur na mbuaiceas síos san geir go dtí go mbeadh na coinnle déanta.
    Fágtar annsan iad go dtí go mbeadh siad tirim. Geárrtar na coinnle des na bataí annsan agus bheadh siad déanta.
    Seán Ó Floinn
    Baile-Mic-Airt.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Flóinn
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile Mhac Airt, Co. Phort Láirge