Scoil: Eanach Mór (uimhir rolla 13912)

Suíomh:
An tEanach Mór, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mártain Ó Braonáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0142, Leathanach 27

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0142, Leathanach 27

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Eanach Mór
  2. XML Leathanach 27
  3. XML “Seanfhocail agus Cora Cainte”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    (126)
    D'ith sodar socar uainn
    Chac intheach ar agaidh linn
    Sid amach ciuineas le glóir in do shuaimhneas
    Agus murab fhuil an iondualaith in do aice
    Tá do ríoghachta faoi aon ghlóir
    sodar = mada
    socar = cáca
    intheach = bó
    aghaidh = leabhar
    ciuineas = an cat
    iondualacht = uisge

    (126a)
    Leagan eile é seo a chualas ó Mhícheál Ó Conamháin, Duthaigh Thuama
    Scoláire bocht a bhí ar lóistín agus níor thaithnigh leis an chaoi a cuireadh suas é adubhairt é seo:-
    "A fhear a' tíghe tá Sámuis le glór faoi do shuaimhneas agus mara bhfuil an iomarca de'n iondualacht agat gabhfaidh do theaghlach (nó theallach ?) i n-aon ghlór"

    127) Is fiúntaighe poll ná paiste
    (bhéadh sé níos fuintaighe poll a bheith i do chuid éadaigh ná paiste)

    128) Ní raibh an donach dorta riamh
    (if you didn't get it you could not spill it)

    129) Dia linn a mháithreach
    (nuair a dóirtear bainne)

    130) Scarradh agus buaidh agus biseach ar mo leanbh a deireadh na sean daoine nuair a bhéadh an leanbh ghá searradh féin

    131) Nuair a thig na míola tig na sneáith
    (ní thigeann mí-ádh i n-a aonar)

    132) Sláinte agus saoghal agat, bean ar do mhian agat, talamh gan cíos agat agus ?
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mártain Ó Braonáin
    Inscne
    Fireann