Scoil: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
- Suíomh:
- Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: An tSr. Aingeal
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)acht annsin lean sé é agus mharbhuigh sé é.Bhí saighdiuir ag dul an bealach aon lá amháin agus chas an Robálaidhe leis agus dubhairt sé leis, "Céard a dhéanfas tu má thogann an Robálaidhe ort?" "Tá mo ghunna agam arsan saighdiuir." "B'fhéidir go dteipfhead an gunna ort," arsan Robálaidhe. "Tá mo chu agam" arsan saighdiuir. "B'fhéidir go dteipteadh an chú ort," arsan Robálaidhe. "Bheul" arsan saighdiuir má theipeann glaoidhfidh mé ar mo mháthair mhór." "Is fada uait congnamh na caillighe" arsan Robálaidhe. Sgar siad le chéile annsin. Dheamhan i bhfad go dtáinig an Robálaidhe ar an saighdiuir aríst. Thóg an saighdiuir amach a ghunna agus theip sé air. Ghlaoidh sé ar a chú agus do dhall an Robálaidhe í. Thóg an saighdiuir amach a sgian agus do mharbhuigh sé an Robálaidhe.Dubhairt an Robálaidhe "Dá mbeadh fhios agam gurab é an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Liam Ó hÉilighe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ráth Thamhnach, Co. Mhaigh Eo