Scoil: Béal Dearg (uimhir rolla 11582)
- Suíomh:
- Béal Deirg Mór, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Pádraig Mac Conghamhna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Béal Dearg
- XML Leathanach 202
- XML “Na Lochlannaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)nuair a bhí “Croc an Chanaigh” blian faoi lín agus blian faoi chruinneacht againn. Ní fhásann ach fraoch agus canach ar an gcnoc anois.
Comgarach do’n croc sin, nó píosa den cnoc céadna tá áit darb ainm do “Sgreig” agus deir an seanacaidhe gurbh é “Sgreig na mBróinte” an sean ainm ceart.
Is dócha go bhfuil baint idir an ainm seo agus an béal oideas seo leanas:-
“Théig(h)éadh na (Loc(h)lannaigh) Danair amac(h) ar mhaidin agus thógadh siad na bróinte leo ar fhaithchios go mbeadh na mná ag meilt in a ndiaidh sa mbaile” adeir an seanacaidhe acht níl fhios aige cé hiad na mná atá i gceist nó cá mbeadh na Danair ag dul.
Dá mbeadh siad ag dul ó B(h)éal Dearg go Croc an Chanaigh b(h)eadh Sgreig na mBróinte ar an mbealach agus b'fhéidir go bhfágadh siad na bróinte ansin.
Gheibheann daoine bróinte ins na portac(h)aibh go minic agus ta deifir eadorra agus na cinn a bhí in úsáid le déanaighe. “Bró Loc(h)lainn” a thugtar ortha. “The querns the Danes hid, long ago” adubhairt duine liom acht b’shin é an méid eólais a bhí aige.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Michael Regan
- Ainmneacha eile
- Michael Regan
- Mícheál Ó Réagáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Gairmeacha beatha
- Feirmeoir
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Béal Deirg Beag, Co. Mhaigh Eo