Scoil: Cill Mhór Iorruis
- Suíomh:
- An Sáilín, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán S. Ó Cróinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- San am fadó ní bhíodh mórán tighte slinnteach ann. Cotháin a bhíodh mar clúdach san am sin. Bhíodh leabaidh san gcisteaneach i n-aiche na teineadh a bhíodh sé agus póta a bhí mar ainm ar an áit. Muintir an tighe a chodluigheadh inntí. Ní bhíodh aon simléar ionnta ach an oireadh. Clochaí - garbha a bhíodh mar urlár aca. Doras amháin a bhíodh ar na tighte agus fuinneóg amháin chomh maith.
Poll ar bhárr tighe agus pardóg taobh amuigh air, sin a bhíodh mar simléar acu fadó. Sgraitheachaí agus móin a bhíodh aca le h-aghaidh teinneadh. Lámpa stám a bhíodh aca le solus a tabairt daobhtha. Rinne siad fein a gcuid coinnle. Do bhíodh botháin ann freisin agus ní bhíodh fuinneóg ar bith ionnta- Bailitheoir
- Áine Nic Oireachtaigh
- Inscne
- Baineann