Scoil: Beannchor Iorrais (uimhir rolla 13684)
- Suíomh:
- Baingear, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Énrí
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Beannchor Iorrais
- XML Leathanach 151
- XML “Bia Fadó”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a d'éirígheadh na daoíne ar maidin rachad siad amach in-a dtroscadh agus bhíodh iomaire rómhruíghthe acú sul a mbéadh an brícfeásta réidh. Annsín thagadh siad isteach agus bhíodh leite agus báinne acú.
Rachad siad amach airís agus tiúbharfadh siad cárta báinne leó. Bhíodh seóltáin acú amúigh sa nghort agus bhíodh teine acú ann. Núair a thagad ocras orrtha chuírfead siad síos "pruistéal" fataí sa lúaithreach te agus bhíodh béile dheas acú leis an mbáinne agus na fataí. Núair a thagad siad isteach bhíodh léite acú i gchómhair an tsuipéir agus racad siad in-a gcodhladh annsín.
Núair nach mbíodh "congar" acú i gcómhair an cabáiste chuírfeadh siad im air le na leasú. Úaireannta eile gearrfad siad an cabáiste í bpíosa beaga le brúith í bpóta. Cuirtí síos plúr agus báinne í bpota eile. Núair a bhéadh siad uilig bruithte dóirtí an báinne ós cíonn an cabáiste agus tugtar "Sgailtin" ar sín.
Núair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Gallachobháir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dararach, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Gallacobháir
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dararach, Co. Mhaigh Eo