Scoil: Cnoc a Logha
- Suíomh:
- Troiste, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Ó Maoildeirg
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc a Logha
- XML Leathanach 074
- XML “Briseadh Loinge”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do baiteadh Micheál Ó Gallcobhair athair mór Martan Ó Gallcobhair atá in a chomhnaidhe annsin thoir in aice na hAibhne. Oidce amháin bhí sé teacht o aonach Béal an Mhuirthidh agus bhí braon beag tar an iomarca ólta aige. Béigin do dul treasna na haibhne mar bhí a theach ar an dtaobh eile den abhainn. Chuaidh sé amach sa mbád agus ní raibh sé i bhfad amuigh gur sgubadh é. Caitheadh isteach ar an talamh tirim é aris agus friothadh ar maidin in a dhiaidh sin é. Glaodtar bothairin Mhichil ar an mbóthar bheag annsin thoir greim beag taobh thiar den áit a baiteadh é.
Do baiteadh Cait Uí Naraigh sa mbliadhain 1910. Bean Seamus Mór Ó Gallcobair a bhí innti. Bhí sí ag teacht ó Aifreann agus ni raibh fhios aici go raibh sé go doimhin. Chuaidh sí amach agus do baiteadh in(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlin Nic Suibne
- Inscne
- Baineann