School: Gaoth Sáile (roll number 12958)
- Location:
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 'Bíonn anál leas-máthair ar an gaoth aduaidh'. 'Muna dtig leat a bheith beo gan uisge, na fágh locht ar cioth'. Tigeann deireadh lé doineann comh maith le soineann
Comartaí baistighe: bionn cuma baithte ar an gréin nuair a bhíonn báisteach air agus bionn néaltaí troma dubha sa spéir.
Nuair a fheiceann tú cat agus a ruball leis an teine tá fearthainn ag teacht agus nuair a bhíonn an cat ag sgríobadh admaid bíonn droch-aimsire air.
Bíonn an suiche ag tuitim agus na míolróga go flúirseach. Bionn na ba ag rith le teasmhoch agus bíonn an madadh ag iche féir. Bíonn an fhuiseóg in a tost.
Bionn ceo ar bárra na gcnoc agus bionn fainne ar an ngeallaigh. Nuair a bionn bun na speire dearg ag dul faoi na gréine.Bionn tuar cearta ar maidin ma ta droch aimsire air agus ma bíonn tuar-ceartha trathnóna má(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Gamhnáin
- Gender
- Female
- Address
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
- Informant
- Máire Bean Uí Chonmhacháin
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Age
- 81
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo