Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)
- Suíomh:
- Gleann Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eoghan Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Caisil
- XML Leathanach 413
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí mé lá amháin ag iascach. Bhí eascon glas-uan [greenish] agus eascon dearg amuigh agam.”
Bhí mé lá amháin ag iascach. Bhí eascon glas-uan [greenish] agus eascon dearg amuigh agam. Fuair mé freagairt ar an eascon glas-uan agus tharrain mé mangach a bhí ceithre punta dhéag meadhchain. Níor stop mé gur tharrain mé ain cheann déag a chómh tiugh agus b'dhéidir liom drú (dorugha) a thabhairt dóibh. Bhí an eascon dearg ag iascaireacht len a thaobh agus níor tharrain mé ceann leithe. Chaill mé aon iasc déag nuair nách raibh dhá eascon glas-uan amuigh agam. Ach mar adeir an tsean-fhocal - Cailleann duine rud len a mhúnú (mhúineadh) agus sin mur a bhí se agam-sa.(gan teideal)
“Ar a' lá deireannach bhéarfaí faitchíos ar a' bhfairrge roimh an breitheamhnas agus ghabhfa sé uilig isteach i "Faochóg Corainn"...”
Ar a' lá deireannach bhéarfaí faitchíos ar a' bhfairrge roimh an Breitheamhnas agus ghabhfa sé uilig isteach i "Faochóg Corainn", tá sé timcheall's chómh mór le uibh chirc agus nuair a chuirtheá ag do chluais é, chluintheá é ceól éicínt istig ann.- Faisnéiseoir
- Liam Ó Raghallaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo