Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)
- Suíomh:
- Gleann Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eoghan Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Caisil
- XML Leathanach 368
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí fear eile ar bhaile Dubhloch agus nuair a tháinic sé abhaile in éis a lá oibre bhí duine a fághail bháis sa teach.”
(ar lean ón leathanach roimhe)sé thíos sa ghainnimh séidthe é cois a chladaig. Nuair a fhill sé ar a teach bhí duine eile marbh roimhe. Thóg sé leis é agus chuir le h-ais a chéad fear é. Nuair a fhill sé ar a teach airís bhí duine eile marbh. Thóg sé leis airís agus chuir sé cois a' chladaig é chómh maith(gan teideal)
“In aimsir a ghort loic gach rud agus ní raibh tadaí ag fás go na daoiní.”
In aimsir a ghort loic gach rud agus ní raibh tadaí ag fás go na daoiní. Thug na sagairt amach annsan go na h-altóir gan na daoiní aon cur a dhéanamh - nách bhfásfadh tadaí. Cuid go na daoiní chuir siad na bachlógaí [.i. stems] agus d'ith siad an fat {!}; daoiní eile bhain siad na súilí amach as na fataí agus chuir siad iad. Na daoiní a chuir na sgoilteáin b'éigin dóibh a dtógáil airíst agus a n-ith leis an ocras. Ach aoinne a rinne saghas cur a bith níl feidhim fiafruighe ar an barraí a bhí amuigh an bhliain dár gcionn. Bhí fataí ag gach duine a chuir bachlógaí nó súilí nó sgoilteán nó rud a bith.
Tháinic oibreachaí 'un a tír a bhliain dár gcionn, agus iad sin nár chuir aon fata bhí siad ábalta beagán a ceannacht ó na daoiní go raibh siad aca. Ó'n lá sin amach bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Liam Ó Raghallaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo