Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)
- Suíomh:
- Gleann Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eoghan Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ghalley, d'eitig sé é. Fuair Mártan ar ais ag a sagart agus dubhairt sé leis nách dtiubhairfid síad uatha é.
"Ná bac leis - arsan sagart - deanfai' do bhád h-éin sin agus blian ó indiu má iarrfainn-se bád ar sin do bhéarfaid sé dom í."
Fuair siad a mbád h-éin faoí réidh agus bhí siad a 'gul treasnaí Cuain an Fóid Duibh. Chuir a' sagart a lámh ins a bhfairrge agus chaith sé isteach breac.
"Bheul, a fhearaibh - arsan sagart - an b'sheo an cineál iasc ba mhaith libh ar a gcuan seo."
Dubhairt siad uilig go mba deas a t-iasc é ach níor 'ubhairt siad go mba é an t-iasc ba mhaith leobhtha é.
Chuir sé amach a lámh airís agus chaith sé isteach ronnach.
"An b'sheo an cineál iasc ba mhaith libh ar a gcuan seo?" - ar seisean.
Dubhairt siad uilig go mba deas a t-iasc é ach níor 'ubhairt siad go mba é an t-iasc ba mhaith leobhtha é.
"Tá's agam-sa anois - ar seisean - cé'n cineál iasc ba mhaith libh ar a gcuan seo," agus chuir sé amach a lámh agus chaith sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Liam Ó Raghallaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo