Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)

Suíomh:
Gleann Chaisil, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Eoghan Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 359

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 359

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Caisil
  2. XML Leathanach 359
  3. XML “Scéalta Eile faoi Dane Lyons”
  4. XML “Scéalta Eile faoi Dane Lyons”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Protastúnaig a b' eadh muinntir Dane Lyons agus is i "Daoí Stiúrhad" [Taobh-istig-de-Mhuirthid] a bhí {s}iad in a gcómhnuidhe. Tá manntrach a tighe in ar {r}ugodh an Dane le feiceáil ann go fóilín.
    Bhí 'n sagart a' lá seo a tabhairt comaoineach uaidh i dteach tíre agus bhí máthair a' Dane {a} siubhal thart di héin agus bhí sí i riocht leanbh. Tháinic sí thart ar a teach seo a raibh an sagart ag éisteacht ann agus chuir sí dúil sa sacraiméid.
    Nuair a fuair sí abhaile fuair sí go h-an dona agus d'innis sí mar thárla go'n fhear. Bhí fhios ag a fear céard a thárlaí, agus chuir sé fios ar a sagart.
    "Tá dúil agam," ars seisean leis a sagart "go dtiúraí tú an saicriméid go'n bhean seo."
    "Sin rud," arsan sagart, "nách dtig liom a déanamh, go mbaistfi' mé i dtoiseach í."
    "Bheul, sin rud," ar sise, "nách ndeánfai' sé a choidhche."
    "Bheul, mur ndeanfai'," arsan sagart, "ní thig liom-sa tadaí a dhéanamh léithe."
    Bhí an sagart ag imtheacht nuair a ghlaodhadh ar ais air.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. aimsir na bpéindlíthe (~4,335)
    2. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Máille
    Inscne
    Fireann
    Aois
    86
    Seoladh
    Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo