Scoil: Cor-chloch (uimhir rolla 15014)

Suíomh:
An Chorrchloch, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Peadar S. Mac Dáibhidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 1

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 1

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cor-chloch
  2. XML Leathanach 1
  3. XML “An Naomhóg”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá sé ráidthe o'n shean-saoghal nach raibh lá ann 'san oidhche acht nuair a tháinig an lá go raibh teach-phobal déanta agus go raibh an naomhóg crochta suas ann. Cloch abhí ann agus bhí sí gléasta le h-éadaighe dearga. Theideadh muinntir an oileáin síor i lán an lae ag guidhe os comhair na naomhóige, an t-am sin. Bhí daoine móra as Londan in Acaill agus bhíodh siad ag seoltóireacht i mbáid mhóra go h-Innis-sgéith agus nuair a d'feiceadh siad muinntir an oileáin ag guidhe ag an dteach-phobal, bhíodh siad ag magadh futha. Nuair a chuaidh aráis go h-Acaill, dubhairt siad nach raibh creideamh ar bith ag muinntir an oileáin agus go raibh siad ag creideamh 'san gcloich abhí crochta suas 'san dteach-phobal.
    Oidhche amháin nuair bhí muinntir an oileáin o thuaidh 'na gcodladh, tháinig muinntir an bhaile andeas aniar agus chroch siad leobhta an naomhóg. Nuair biodh cruadhóg ar bith ar muinntir an oileáin, thiocfadh siad ag guidhe leobhta an naomhóg agus bhíodh siad ag guidhe dí.
    Deirtear nuair bhéadh muinntir an oileáin ar an mór-thír faoi dhéin earraidhe agus dá mbeadh an fhairrge árd agus nuair nach mbeadh siad teacht, indán abhaile leis an stoirm mhóir go dteighfeadh muinntir an oileáin ag guidhe os comhair na naomhóige agus go n-éiréachadh an fhairrge ciúin lag.
    Bhíodh sí crochta suas san dteach b'fhearr is ba dheise san mbaile.
    Uair amháin chuaidh an teach tré theine in a raibh an naomhóg. Basraile olc afuair fear a'tighe 'san bhfairrge a chuaidh ar lasadh. Coinneall a thuit air. Lasadh gach greim de'n theach acht an áit in a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. éadaí agus suaitheantais (~2,403)
        1. suaitheantais (~307)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Maolfabhaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gleann Lára, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Pilip Ó Maolfabhaill
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gleann Lára, Co. Mhaigh Eo