Scoil: Caladh (C.) (uimhir rolla 8740)
- Suíomh:
- An Caladh, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Bean Uí Éaráin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0126, Leathanach 1](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0126%2FCBES_0126_1.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0126, Leathanach 1
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is iomdha uair a chuala mé mo mháthair a rádh gur ghearr uainn an bháisteach nuair a fheictear an cat agus a thón leis an teine
An t-asal agus a thón le gaoith. Deirtear nach fada uainn an bháisteach
Am ar bith a bhíonn an mada ag ithe féir agus ag ól uisge deirtear go bhfuil an bháisteach ag triall orrainn
Nuair a shoillsigheann an ghrían go moch ar maidean sin comhartha fearthainne
Uair ar bith a stopann an deatach istigh sa teach sin comhartha báistighe
Tagann feithidí beaga amach san oidhche. Deirtear gurb é sin comhartha fearthainne
Am ar bith a eiteallann fáinleógaí go h-íseal sin comhartha báistighe
COMHARTHAÍ SOININNE
Uair ar bith is féidir an Cruach Pádraig d'feiceál go soiléir deirtear gurb é sin comhartha aimsire bhreagh
Am ar bith a fheictear an deatach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairéad Ní Dhúrcháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Uí Ghabhann, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Sorcha Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann