Scoil: Rusgaigh (2) (uimhir rolla 10949)

Suíomh:
Rúscaigh, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Eibhlín Ní Chorraidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0108, Leathanach 117

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0108, Leathanach 117

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rusgaigh (2)
  2. XML Leathanach 117
  3. XML “Beatha na nDaoine Fadó”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    eascoin ag na daoine. As an abhainn a gheibhidís iad agus ‘goidtear’ bradán as an abhainn ina lán áiteacha fós, cé go dtagann an dlí anuas go trom ar éinne a mbeirtear air ‘ag goid’ bradán as an abhainn.
    Maidir le deochanna meisciúla bhí an saghas céanna le fáil an t-am sin is atá anois. D’ólaidís i bhfad níos mó an t-am sin, mar bhí an t-ól an-saor. Dhá phingin agus dhá phingin go leith a thugtaí ar phionta leanna; dhá phingin ar leathghloine fuisce, agus pingin nó pingin go leith ar leathghloine fíona. Ach dá shaoire dá raibh an t-ól an uair sin, bhíodh an poitín á dhéanamh ag cuid de na daoine, agus creidim go mbíonn an cheird ar siúl ós íseal ag cuid mhaith daoine fós, go mórmhór sa nGaeltacht.
    Is beag gréithre de ‘chré na Síne’ a bhí ag na daoine fadó. Bhí soithigh adhmaid – ‘naigín’ – acu ag ól. Ba chosúil le muga iad ach as adhmaid a dhéantaí iad. Spúnóga leite – spúnóga móra iarainn – a bhíodh acu, cúpla scian maol agus gabhlóga le lámh adhmaid orthu. Bhíodh ar bhean an tí na huirlisí seo a sciúradh le gaineamh mín gach lá nó bheadh meirg agus salachar orthu. Ní raibh an tseift acu an t-am sin le sceana, gabhlóga agus spúnóga ‘síorghlana’ a dhéanamh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge