Scoil: Rusgaigh (2) (uimhir rolla 10949)
- Suíomh:
- Rúscaigh, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chorraidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cuireadh deireadh leis na seanscoileanna seo sular chríochnaigh na fir seo a gcuid oideachais. Chaith an bheirt seo atá luaite agam i dtosach an leabhair tamall sa scoil náisiúnta.
Tá trácht sa gcomharsanacht seo freisin ar scoil eile den sórt sin. I scioból le Liam Mac Héil i gCluain Lao a bhí an scoil sin. Tá an scioból céanna á úsáid fós ag Bean Uí Fhiaich [=Mrs Hunt], iníon le Liam Mac Héil. Thagadh na scoláirí go dtí an scioból go moch ar maidin, agus is é an chéad rud a dhéanaidís ná na ba a scaoileadh amach as, an t-urlár a scuabadh le fraoch agus an ‘chlais’ nó an díog a ghlanadh amach tar éis do na ba a bheith ann i rith na hoíche. Ansin chraithidís tuí ar an urlár agus sa díog. Shuíodh na scoláirí ar chiumhais na claise mar ní raibh suíocháin nó binsí acu, agus bhíodh na cosa thíos sa díog. B’éigean dóibh an glanadh agus an scuabadh a bheith déanta acu agus gach rud a bheith i gcóir roimh theacht don mhúinteoir ar maidin. Ba é Mac Ceoinín a mhúin sa ‘scoil’ seo. Níorbh ón gceantar seo é ach ceaptar go dtáinig sé as ceantar Bhealach an Doirín. Fuair sé lóistín agus tuarastal sa tslí chéanna is a fuair na múinteoirí a bhí i gCionn Chon. Ní miste a rá anseo go mbíodh ranganna(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Ceallaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cluain na gCléireach, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Gréallaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cionn Con, Co. Mhaigh Eo