Scoil: Caisleán na hÉille (The Neale)
- Suíomh:
- An Éill, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire, Bean Mhic Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caisleán na hÉille (The Neale)
- XML Leathanach 272
- XML “Mar a bhFuair an Iarla Clanriocard A Chuid Taltaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Timcheall na mblí 1700 do bhí bodach mór i Shasana a thuill clú agus cáil san Euróip mar gheall as an fheabhais is d'féadfadh sé feidhm a bhaint as a claidheamh i gcomhrach aonfhir. Ní raibh sé seo sásta leis an méid onóra a fuair sé in a thír féin go dtáinig sé go hÉirinn chun a theasbáint go raibh sé chomh maith agus a cuireadh in a leith.
Tháinig sé idtír agus d'fhógair sé comhraic aonfhir ar aon duine sa tír uilig. N´ôr fhreagair aoinne é agus níor thairn le dream an uachtar laímhe go mbéadh aon fhear indhon labhairt mar sin in Éirinn acht bhí fhios acu nach bhféadfaidhe cosg a chuir leis acht le chéile comhraic a chuir in a aghad Cé chuirfidis in a aghadh? B'in an ceist ba deacair a réidhteach acht do luaidhe ainm liam buidhe De Búrca. Bhí ainm in áirde ar eachtraí agus gníomharthaí an fhir seo agus a sheacht sinsear roimhe leis an gclaidheamh mar sin cuireadh triall air láthra Acht thárla gur i mbraighdeanas a bhí liam de bharr coir mór eicínt agus deirim leat nárb obair éas é a fhuscailt. Acht ar aon nós fritheadh ceard saoirse trí míosa ar aon nós dó.
Is dóig go raibh an daoirse ag goileamhaint ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Jennie Warde
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mrs Nora Morrin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Baile Uí Ruairc, Co. Mhaigh Eo