School: Sruthar (C.)
- Location:
- Sruthair, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: Bríd, Bean Uí Éanacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Caoineadh Cú Chulainn i SrutharNuair a bhí na trí cúigí buailte ag Cú Chulainn agus iad go léir faoi chois aige, dubhairt sé go dtabharfadh sé aghaidh ar Chúige Uladh. Bhí sluagh mór gaisgidheach in éinfeacht leis. Sul má d'fhág sé Cúige Laighean bhí a bhean ag súil le clann, agus thug sé fáinne dí, agus dubhairt sé leithi dá mba mac a bhéadh aice gan é a ligint as a h-amharc in áit ar bith, nó go mbéadh a mhéar i ndon an fáinne sin a líonadh, agus nuair a bhéadh, cead a chinn a thabhairt dó.Nuair a bhí sé in aois fiche bliadhan, bhí sé chomh mór le faitheach, agus rinne ladhaircín a láimhe an fáinne do líonadh. Agus é ag fás suas faoi chúram a mháthair, chuala sé tracht go minic ar na gníomhartha a rinne a athair, Cú Chulainn. Dubhairt sé nach stopfadh sé go deo go rachadh sé fá dhein a athar go bhfeicfeadh sé cén sórt fear a bhí ann. Thug sé leis sluagh mór eile gaisgidhe tréana, agus thug sé a aghaidh ar Chúige Uladh. Siar i Sruthar, ar theórann Co. Mhuigeo agus Conndae na Gaillimhe a casadh ar a chéile iad (Sluaighthe Ulaidh agus sluaighthe Laighin, sluaighthe Cú Chulainn agus sluaighthe a mhic.) Chuir an dá gaisgidheach mór cath ar a chéile, agus d'aithnigh an mac an tAthair, ach ní raibh aithne ag Cú Chulainn ar a mhac.(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Chatháin
- Gender
- Female
- Informant
- Miss Keane
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Address
- Cill Choirbh Íochtair, Co. na Gaillimhe