Scoil: Doire (uimhir rolla 16852)

Suíomh:
An Doire, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Séamus Ó Cathain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0092, Leathanach 64

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0092, Leathanach 64

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire
  2. XML Leathanach 64
  3. XML “Saidhbhín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nuair a táinich an maidhin d'imthigh Saidhbhín agus a beirth deirbhsiúr leobhta nuair a connaich an fathach gurbh iadh a triúir ingean féin a bhí marbhú aighe Bhí feargh mhór air D'imthigh siadh leobhta no go dtáinich siadh go dhtí loch Cáith Saidhbhín an ceirtlín snáithe amach ar an loch agus rinne sé bothár dobhta. D'imthigh siadh leobhtha nó go dtáinich siadh go teach fathach eile. D'fiathruigh an fatach seo go Saidhbhín an raibh fhiós aichi chá raibh a leithidhe seo de teach feathaigh eile. Dubhairth Saidhbhín go raibh fhíos D'fiatruigh sé dith an b'feadhfach sí a dhul agus an claidheamha solúis a bhí aighe a thabhairth cuighe. Dubhairth Saidhbín go b'feadhfach.
    D'imthigh sí leithí annsin agus bhí sé in oidhche nuair a bhí sí ag teach an Fheathaigh agus bhí an fatach amuigh ins na stabhlaí. Cuaidh sí isteach agus tugh sí leithí an claidheama solúis. Nuair a táinich an fathach isteach d'innis sí an sgéal dhó. Lean an fatach í. Nuair a táinich sí go dhtí an loch Cáith sí amhach an Ceirtlín snáithe ar an loch agus rinne sé bóthar díth Bhí Saidhbhín taobh thall agus an fatach taobh a b'fus. An dtiochaí tú arís a Shaidhbín ars' an fathach. Tíochfadh arsa Saidhbín má beireann mo graithe ann mé. D'imtigh sí leithí annsin nó go dtáinich sí go dhtí teach an Fheataigh agus tugh sí an claidheama solúis dhó Cailín an-maith is eadh tú ars' an fatach b'féarr dhuit an srian óir átha ar an nghioráinín a tabhairth cugam.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0327: The Children and the Ogre
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Eibhlín Seóighe
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    Tuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo