Scoil: Clochar na Trócaire, Baile Fhiacháin
- Suíomh:
- Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: An tSr Padraig
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Trócaire, Baile Fhiacháin
- XML Leathanach 011
- XML “Beirt Bhan Rialta as Burgus Umhaill”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a bhí saighdiúirí Chromail duibh ag sgríosadh na tíre tháinig dream díobh comh fada le Burgus Umhaill. Ar thóir muinntire an chlochair bhíodar. Ach tháinig an sgéal rómpa agus theith na mná riaghalta. Ní in aon dream amháin d'imthigheadar ach 'na mbeirt agus 'na mbeirt. Ach fuair na saighdiúirí radharc ar bheirt acu, agus leanadar iad. Ba ghearr go raibheadar ar shála na mban agus ní raibh seans acu áit folacháin do thabhairt ortha. Is amhlaidh a ritheadar rompa. Sa deire fuaradar iad féin ar imeall locha mhóir. Bhí gob den talamh ag síneadh isteach san uisge agus ritheadar isteach go barr an ghuip seo. Annsin thugadar aghaidh ar a naimhdhe agus ar an mbás san am céadna mar cheapadar. Ach "Nuair is mó an chruadhchás is giorra an chabhair. Go tobann d'eirigh uisge an locha agus sguab sé roimhe stiall mór de talamh an ghuip, ach tháinig barr an ghuib slán. Fuair na mná riaghalta iad féin ar oileán, agus tuile feargach bagartha idir iad agus lucht a dtóir. Nuair fágadh na saighdiúirí mearuighthe ar an mór thír bhuail sgannradh agus baill chrith iad mar ba léir dóibh gurb é lámh Dé do shíneadh amach le na searbhroghantuidhthe do shábháil.
Ghlanadar leo as an áit ar bhog shodar. Gidh nár síneadh aon lamh conganta chuig na mna riaghalta agus iad ar a dteitheadh ní hé an dúil a bhí ar iarraidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Mac Giollaruaidh
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Mac feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo