School: Árd Cróna
- Location:
- Anagaire, Co. Donegal
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Cróna
- XML Page 26
- XML “Liam an tSoip”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)buideach go leór le seo a dhéanamh agus fághail ar shiubhal slán. Leig Liam ar shiubhal é, agus arsa seisean “bíodh an dorus agat agus nach bhfeicimsa amharc ortsa go brath na siorruideachta.
Annsin shiubhail an diabhal amach go feargach agus síos an bealach mór leis go dtáinig sé fhad le beanna na fairrge agus chonnaic siad uilig é ag éirghe i n-áirde san aer agus ag gabhail as amarc mar bhí sé ag innse do Liam. D’imthigh na fir na bhaile agus thoisigh Liam a obair arais mar bhí ariamh. D’obair sé leis mar seo ar feadh bliadhantach go dtí lá amháin a bhuail claoidheacht e. Ní rabh sé i bhfad tinn go bhfuair an duine bocht bás. Lá na faire bhí cumhaidh mhór ar na comarsunaigh. Lá an torramh bhí cumhaidh mhór ar Mháire agus chaoin sí Liam go brónach.
Chuaidh a anamh go h-Ifreann agus nuair a tháinig sé fhad leis na geaftaí cuir an diabhal ceist ce bhí annsin. “Mise tá ann” arsa Liam. “Ó”, arsa’n diabhail eile, tá fhios agamsa é sin agus bhuail sé amach mise bliadhain a’s fiche, agus ma leigeann sibhse isteach anois é cuirfidh sé amach a bhfuil istuigh agus annsin béidh an áit seo aige féin go brat na siorruidheachta.
D’imthigh Liam agus b’eigean dó a ghabhail suas na bhflaitheas go bhfeiceadh sé caidé a mbaramhail do annsin. Tháinig sé go dtí na geaftaí agus bhí aingeal(continues on next page)- Collector
- Máire Ruiseail
- Gender
- Female
- Informant
- Caitlín Bean Mhic Aodha
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Address
- Cnoc an Chaocháin, Co. Donegal