School: An Chros (B), Cill Chaoi
- Location:
- Cross, Co. Clare
- Teacher: Seán Ó Héadtromóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Chros (B), Cill Chaoi
- XML Page 359
- XML “Inis Cathaigh agus Naomh Seanáin”
- XML “Scéal Eile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sé an brigh atá le h-Inis Cathaigh na Oileán Cathach. B'é Cathach an ainm a bhí ar an oll-phiast a bhí in Inis Cathaig sul ar chuaidh Naomh Seanáin ann. Do thagadh an t-oll-phiast i dtir gach seachtmhadh mblian agus d'iosadh sé gach duine gach duine go bhfeadfadh sé greim fhaghail air. Nuair a tháinig Naomh Seanán go h-Inis Cathaigh dhibir sé an t-oll phiast go Dubh Loch trí míle o Slaibh Calláin. Deirtear go mbíonn tonntacha ar an loch san gach lá cé go mbíonn an lá ana-chiúin fe mar a bheadh piast mor fe'n uisce.Deirtear leis nuair a dhibir Naomh Seanán an t-oll-phiast gur chuir sé de gheasaibh air gan acht iasc go leith d'ithe gach lá agus is féidir leath-iasc dfághail ar tráigh an locha san go minic dá dheascaidh sin.
- You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.