School: An Chros (B), Cill Chaoi

Location:
Cross, Co. Clare
Teacher:
Seán Ó Héadtromóin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 360

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 360

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Chros (B), Cill Chaoi
  2. XML Page 360
  3. XML “Na Péindlíthe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Timceall na bliana 1850 bhí fear i dTulaig darbh ainm do Domhnaill O Beolláin agus bhí portach aige. Bhí sé ag díol cíosa le Marcus O Catháin a bhí ina chomhnuidhe i gCill Beatha. Lá amháin do dhíol sé ualach móna ina chlós féin dfear eile. D'innis spiairc éigin do Mharcus OCatháin cad a bhí déanta ag Domhnaill. Tháinig na saighdiuirí cun beirthe air mar bhí an dlighe briste aige. Bhí Domhnaill á bhearradh fein nuair a bhualadar isteach.
    "Dé an gnó atá agaibh díomsa" arsa Domhnaill. Tú chur i bpriosuin " arsan t-oifigeach a bhi orra. Fanaighidh go mbead bearrtha "arsa Domhnall agus racadh libh".
    B'é an breith a tugadh ar Domhnaill ná é caitheamh isteach i bpriosúin ar fead a shaoghail. Buail sé duine dá lucht conneadta agus dá barr san níor tugadh biadh na deoc dó ar feadh trí lá. D'iomchar sé é fein go maith ina diaidh sin agus fuair sé post sa priosuín ag roinnt bídh ar na priosunaig eile. Bhi dothain bidh ag Domhnaill annsan rud a theastuig uaidh mar bhí an goile go maithe aige.
    Bhi driothair ag Domhanill a bhí ina shagairt i gCill Ruis a bhí ag obair go dian chun é fhághail saor as an bpriosúin i gceann dhá blian d'eirigh leis agus scaoileadh Domhnall abhaile.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus O' Neachtain
    Gender
    Male
    Address
    Tullig, Co. Clare
    Informant
    Bean Uí Neachtain
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Address
    Tullig, Co. Clare