School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre

Location:
Clonanav, Co. Waterford
Teacher:
Pádraig Ó Cearbhaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0656, Page 253

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0656, Page 253

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
  2. XML Page 253
  3. XML “Scéalta Fiannaíochta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí Fionn Mac Cumhail agus a chuid fear ag teacht treasna an Comaraigh lá. Nuair a thánadar go dtí mullach an chnuic bhí dhá chloch mhór ann.
    Rug duine acu ar ceann des na clocha agus chaith sé é dhá mhíle agus thuit sé ar bharr Chnuic an Iolair gairid do Choill Tor an Phúca.
    Rug fear eile acu ar an tarna cloch agus chaith sé arís é. Do thuit sé ar bhárr Chnuic an Iolair arís é le h-ais na cloiche ann. Tá an dá chloch le feiscint ann go dtí an lá indiu.
    Conn Creathair
    Nuair a bhíodh arm na bhFiann ag cleachtadh ar maidin do rithidís naoi míle gach maidin.
    Bhí duine acu - Conn Creathar cómh-bríoghmhar sin go gcuireadh Fionn mála gainimhe ar a dhrom sa tslighe go bhfaghadh na fir eile teacht suas leis.
    Conán Maol
    Tháinig a namhaide lá fadó cun saighdhiúirí na bhFiann a throid. Thuit an togha ar Conán Maol cun a chéad fhear a throid.
    Nuair a bhíodar ag díriú le n-a céile, "Cé h-é sin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Language
    Irish
    Informant
    R. Ó Riain