School: Furglan, Inistíomáin (roll number 11813)
- Location:
- Furraglaun, Co. Clare
- Teacher: Seán Mac Daibhid
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Furglan, Inistíomáin
- XML Page 483
- XML “Scéal”
- XML “Ráthanna agus Liosanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean ann uair amhain agus do theip uirri ím ar bith a fhághail ó'n uachtar ar bhailigh sí. Bhí sí croidhe briste agus cráidhte. Thug sí an sagart go dtí a tigh chun Aifrinn a leigh. Le linn an t-Aifrann a bheith dá rádh san tigh bhí meithil ag baint móna san greamitair (?) agus d'airigheadar sin an cuigeann dá dheunamh san spéir ós a gceann agus ó neómat sin amach bhí an t-im thar nais ag an mnaoi seo.Deirtear gur ráthmhar an rud an gealach d'feisgint tré gloinne
- Níl morán liosanna timcheall na h-áite acht slighe gearr ó'n áít tá a lán liosanna. Na sideóga a comhnuigeann ionnta. Tá lios i Sgeach, Eidhneach, agus tá bannc cré mór-thimcheall air. Deirtear gurbh iad na Lochlannaigh a dhein iad. Tá lios eile i Moughna Inis Diomáin. Tá sé cruinn i gcuma agus tá bannc cré mór-thimcheall air. Deirtear gurb iad na Lochlannaigh a dhéin é freisin. Do chonnaic na daoine soillse in aice an lios agus do chualadar céol agus gairidhe ann. Tá lios eile i gCill Corrnan, Sráid na Cathrach agus deirtear go bhfuil ór ann istigh i mála. Tá fear ina chomhnuidhe in aiche na h-áite sin agus oidhche amháin bhí thaidhraimh aige agus cheap se go raibh mála óír ins an lios.(continues on next page)