Scoil: Liscannor (B.) (uimhir rolla 4435)
- Suíomh:
- Liscannor, Co. Clare
- Múinteoir: Dónall Mac Cárthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Liscannor (B.)
- XML Leathanach 073
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí fear in a chómhnuidhe ins an baile seo leath-chéad bliadhain ó shíon. ...”
Bhí fear in a chómhnuidhe ins an baile seo leath-céad bliadhain ó shíon. Cearrbhach chríochnuigte do b'eadh é, Gach oidhche ar feadh na bliadhna téigheadh sé ar chuirt agus ag imirt cartaí go dtí teach trí mhíle ó'n a baile féin. Ba cuma cén sórt aimsear a bheadh ann rachadh sé. Oidhche dhubh dhorcha ar a bhealach abhaile dó i dtráth na meadhon oidhche chonnaic sé rud éichin a dheanamh air.
Tosuig an fuar allus a thuitim de. Ceard a bhí ann ach fiadhach na mharbh. Bhí suas le fíche chapaill ann, agus bhí cóta dearg ar gac marchach. Sheas sé ar leath-thaobh an bhóthair le iad a leigint thairis. Stop an fear deire dhíobh agus thuarling sé. D'fiafruig sé dhe an gcuirfeadh sé bonn ar a bhróg. Dubhairt an fear nach bhfeadhfad sé é sin a dhéánamh mar ní raibh aon óirleis aige. Bhí bosca ag an marcach agus d'fhosghail sé é. Thóg sé amach cheap is casúr, agus gach nídh eile a bhí ag teastáil uaidh, agus las sé coinneall.
Dheasuigh an fear an bhróg agus nuair a bhí sé réidh ghabh an marchach buidheachas(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brigidh Ní Con-cubhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cloghaun, Co. Clare
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Cátasaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 64
- Seoladh
- Cloghaun, Co. Clare