Scoil: Cahermurphy, Cill Mhichíl (uimhir rolla 15327)
- Suíomh:
- Cahermurphy, Co. Clare
- Múinteoir: Séamus Ó Laoighléis
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cahermurphy, Cill Mhichíl
- XML Leathanach 156
- XML “Na Filí a Bhí Cónaí Orthu i Leath h-Ínse - An tSeanrámhainn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)file a siopa agus chuaidh sé amach le sean ráin abhí aige ar lorg oibre. Fuair sé obair ac níor dhein sé aon gaisge mar bhí a úirlis go dona agus é féin gan cleachtadh. Nuair a tháinig sé abhaile do scríobh séan ceann seo leanas, a radh gur dhein sé an obair agus ná raibh na daoine eile i ndon teacht suas leis ar aon cor. Ba dhóigh le duine ar dtúis ó'n amhráin gur fear an mhaith a bhí ann in ionad duine sa islighe.
"AN tSEAN RÁIN" (Roon)(I)Go Connacht nuair a théighim-se lá earraigh le pléisiúr
Ag crochadh na céarda is ag obair le m' riamhain (spade)
Níor bhlas dí le féacaint bhí meirge 'na tréachta
Ní raibh sí i bhfaobhar ceart ní bhfuair i riamh
Nuair a chonnaic an maor mé dubhairt sé go mba réac mé
Nó duine gan éifeacht ná dheanfadh aon gníomh
A leithide de spéice thabhairt i measg airm ghéara
Déanfar bethé (?) dhiol is brisfear do chroidhe
(II)Do luigheas le na dtaobh is do shádhas ins an cré í
Ba ró ghearr 'na dhiaidh (dhéidh) sin gur eirig mo chroidhe
In ionad a bheit a' staonadh do mhalc mise cré leó
"Seo ruipidhigh an méad seo go dtéighmíd 'chun biadh"
As san go meadhon lae moch bhí gac fear maith 'na léine(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál C. Ó Laoighléis
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Synge Street, Co. Dublin
- Faisnéiseoir
- Micheál Mac Con Luachra
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 77
- Seoladh
- Cloonnakilla, Co. Clare