School: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar (roll number 8783)
- Location:
- Ballinloughane, Co. Limerick
- Teachers: S. Condún Úna Nic Ádhaimh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tug sé ráinn leis. Chuaidh sé go dtí an áit in-a aonar mar cheap sé to mbheadh an t-airgeadh go léir aige féin.
Nuair a shrois sé an áit thosnuig sé ag reábhadh leis leis an ráinn, ach nuair a bhí sé ag reábhadh tháinig tarbh agus rith sé ina dhiaid. D'imtigh an fear. An oidhche na dhiaid san tháinig sé arís agus fear eile leis thosnuigh siad ag reábhadh na h-áite céadhna arís, ach tháinig an tarbh agus rith sé indhiaid na bhfear arís. D'imtig siad. An tríomhadh oidhche tháinig triúir fear agus thosnuigheadar ag reábhadh an áit arís agus fá dheireadh is fá dheoidh chonnacadar an corcan óir agus bhíodar cun é do thógaint amach nuair a tháing an tarbh arís agus caitheadar dul abhaile.
An oidhche na dhiaidh san tháinig alán daoine ach do bhí an corchán imthighthe.- Collector
- Máire Ní h-Éalaidhe
- Gender
- Female
- Address
- Ballyine, Co. Limerick