School: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar (roll number 8783)
- Location:
- Ballinloughane, Co. Limerick
- Teachers: S. Condún Úna Nic Ádhaimh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhfuighthea siubhal ná seasamh ann. Lean na daoine go léir an Brianach go dtí a thig féin abhí míle slíghe on sraíd bhaile áit inbhfuil Mainistir indiu. Mór shiubal ceart abhí ann an oidhche sin. Seán Mac Gearailt a chomnuigh thuas gCnoc na Botha láimh le Baile na Béarna abhí mar ceannaire ar an sluagh sin.Bhí Ciorcal na bFinníní annso leis, fear darbh ainm De Bhuilbh ón Riasc abhí mar fear ceannais ós a chionn - Glacad mo shean athair isteach ann oidche amáin, in ár bpáirc a bhí an cruinniú nuair a glac sé an mhóid dílse. Tháinigh ceannaire ó Cnoch Dairere an oidhche sin, Aoibhin ab'aim dó agus tailiúir ab'ead é. Dubhairt sé liom leis go raibh aithne aige air Shéan O Dubhaidhe agus ar Diarmuid O Donnabháin Rosa agus gur craith sé lámha leis an mbeirt acu. Chuala sé óráid iongantach a thug an Donnbhanach thíos igCaisleán Nuadh Thiar. Oidce eile bhí cruinniú achu inaice le Caislean Nuadh Thiar áit ina labhair Séan O Dubaidhe uair go leith a bhí sé ag cainnt. Séan Mach Lonnracthaigh is ainm dom sean athair.Pádraig O Néill, Sean Mhuillean
- Collector
- Pádraig Ó Néill
- Gender
- Male
- Address
- Oldmill, Co. Limerick