School: Ballintotas (roll number 15165)
- Location:
- Ballintotis, Co. Cork
- Teacher: Tadhg Ó Coileáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ballintotas
- XML Page 307
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nuair a bhí talamh na dúthaighe sin go léir i seilbh Tighearna Talmhan amháin, b'iongnadh leis cé'n ceann de trí pháirceanna ba thorthamhla. Do cheap sé go dtriallfadh sé achar fé leith ins na trí páirceanna fé'n mbarra chéadna. Dhein sé an t-achar do thomhas agus chuir sé an síol. Sa bhFoghmhar dhein sé toradh na dtrí bpáirc do thomhas agus fuair sé amach mar sin an pháirc ba thorthamhla. Garrdha Bhuaidh a thug sé mar ainm ar an bpáirc sin as san amach - Fuair an garrdha san an buadh ar an dá cheann eile. Sean-Gharrdha, a thug sé ar cheann eile, agus tá an áit sin míle nó mar sin ar an dtaobh thiar de Gharrdha Bhuaidh. Níor bh'fheas i gceart do'n scéaluidhe cá raibh an tríomhadh gharrdha suidhte, ach go raibh tuairim aige go raibh sé tamall ar an dtaobh thoir de Gharrdha Bhuaidh láimh leis an dtráigh.
- Informant
- Muiris Ó Foghludha
- Gender
- Male
- Address
- Ardnahinch, Co. Cork