School: Cuan Dor (roll number 1272)

Location:
Glandore, Co. Cork
Teacher:
Séamus Ó Donnchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 300

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 300

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cuan Dor
  2. XML Page 300
  3. XML “Scéal Púca”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí aonach i Ros Ó gCairbre lá agus chuaidh beirt fhear ann ag díol much agus nuair a bhíodar ag teacht abhaile bhí an oidhche go h-ana-dhorca agus chonnacadar rud i bhfuirm gabhair in aice le sean-fhothraig ar thaobh an bhóthair—bhí earball mór fada ar an ngabhar. Bhí eagla ar na fearaibh agus chuadar isteach sa pháirc agus do lean an gabhar iad. Thosnuig na fir ag screadaigh agus agus ag béicig mar cheapadar gur púca a bhí ann. Bhí tigh in aice leó agus chuaigh an [?] beirt fhear isteach sa tigh agus nuair a bhíodar istigh tháinig an gabhar go dtí an doras í ag gol. I gcionn tamaill chuadar amach agus ní raibh aon rud le feiscint. Thosnuigheadar ar an mbóthar abhaile acht ní rabhadar imthighthe i bhfad nuair a chonnacadar an gabhar ag teacht cúcha airís agus do lean sé abhaile iad. Bhíodh eagla ar na daoinibh sa chómharsanacht roimis an ghabhair as san amach agus do chonnaic mórán daoine í agus cheapadar gur púca a bhí ann i bhfuirm gabhair
    Tugtar fothrach an phúca ar an sean-fhothraig atá ann.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish