School: Drom Clúmhach (Dromclogh) (roll number 16246)
- Location:
- Dromclogh, Co. Cork
- Teacher: Riobárd Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Drom Clúmhach (Dromclogh)
- XML Page 428
- XML “Bearna Fola”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Aon uair amháin do ghoid na Donnabhánig ó Chaisleán Uí Dhonnabháin (an ceanntar sin) roinnt beithidheach ó na Súilleabháinigh i mBéara. Ní rabhadar i bhfad imthighthe nuair a tháinig na Súilleabháinigh ortha agus thógadar na beithidhigh ar ais. Do geall an taoiseach a bhí ar na Donnabháinigh ná déanfadh sé a leithéid choidhche go bráth. Dubhairt na Súilleabhainigh go mbainfidís a lámh dheas de dá ndéanadh.
Tamall 'na dhiaidh sin dhein na Donnabháinigh iarracht eile ar na beithidhigh do ghoid. Lá amháin agus na Súilleabháinigh ag ithe a ndinnéir tháinig sluagh des na Donnabháinigh i ngan fhios ar na beithidhigh agus thiomáineadar leo iad. Chuaidh Bean Uí Shúilleabháin amach agus chonnaic sí go raibh na ba imthighthe. Rith sí isteach agus d'innis sí an scéal do na fearaibh. "Tá na ba imthighthe" arsa sí. Bhí Domhnall Ó Súilleabháin 'na gharsún óg an t-am seo, é 'na shuidhe cois na teine agus é cosnochtuithe. Rith sé amach le hagaidh congnaimh. Fuair na Súilleabháinigh rian crúb na mbó ar an dtalamh agus leanadar ar an dtóir go dtángadar go Caol Chill.
Bhí rian na mbeithidheach ag dul ó dheas(continues on next page)- Informant
- Tadhg O Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- c. 80
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Glanareagh, Co. Cork