School: Barrlinn

Location:
Inchinarihen, Co. Cork
Teacher:
Máire Ní Chruadhlaoich
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 024

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 024

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Barrlinn
  2. XML Page 024
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Tímcheall céad blian ó shoin chómhnuigh fear de mhuinntir Choitir i gCappac na luathadh in aice le Beanntraighe.

    Tímcheall céad blian ó shoin chómhnuigh fear de mhuinntir Choitir i gCappac na Luathadh inaice le Beanntraighe. Ó Thighearna Bheanntraighe a bhí a fheirm aige. D'iarr an tighearna air uair amháin dul go Mághcromtha le litir, agus níor mhaith leis é eiriú, mar bhfearra do dhaoine gan bheith doithcheallach leis na tighearnaí talmhan an tráth san. Acht níor mhaith leis dul, mar bhí aonach le bheith imBeanntraighe i ndeire na seachtmhaine agus bhí mucha reamhra aige i gcomhair an aonaigh acht dubhairt sé leis féin dá ndeanfadh sé deabhál do mbeadh sé abhaile roimh an aonach. Bhí eolas na slighe agus na gcómhgair go maith aige. Sín é an cúis, tá's agat, gurab é féin a toghadh chun an gnó do déanamh - eolas na slighe a bheith cómh maith aige.
    D'fág sé Beanntarighe ag breacadh an lae. Do shiubhal sé go Maghcromtha, dhein sé a ghnó, agus bhí ag filleadh ar chómhgar ag tuitim na h-oidhce. Ceap sé nár bhféidir leis dul ar strae, acht ar strae chuaidh sé, nuair do tháinig ceo trom ar na cnocaibh. Sa deire ní raibh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Séamus Mac Coitir
    Gender
    Male
    Age
    80
    Occupation
    Saor cloiche
    Address
    Derrynafinchin, Co. Cork