Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thabharfhadh ubh do thar-n-ais i gcóír a bhreicfast.
Do bhí mórán righthe agus prionsaí ad'iarraidh an fear draoidheachta do mharbhú ach níor b'aon mhaith dhóibh mar do bhí sé ró cliste dhóibh go léir.
Do bhí coileach ag an fear draoidheachta a dheanamh muna bheadh sé aige. Coileach ana bheag go léir a b'eadh é agus eirbeal beag air ach d'fhéadfhadh sé an t-eirbeall san do dheanamh go h-ana mhór.
Do bhí mórán dathanna ar an coileach agus do bhí sé deas go leór le feacaint air agus do thabharfhadh an fear draoidheachta a dhóithin le n-ithe do agus mar sin do bhí sé ana reamhar ar fad.
Do bhí an fear draoidheachta ana ceaneamhail ar an coileach mar do bhíodh mórán spórt aige ag feacaint air, nuair a bheadh am aige.
Is amhlaidh a cuireadh sé an coileach isteach leis na cearca agus ansan ní bhéarfhadh na cearca aon uibhe.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Drisceoil
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 11
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ó Críodáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70