School: Baile Mhúirne (B.) (roll number 15346)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Donncha Ó Buachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (B.)
- XML Page 019
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí fear na chómhnuidhe annso i mBaile Mhúirne agus sé ainm a bhí air ná Seán Ó Mangáin. Do chuaidh sé chun cómhnuighe i Maghchromdha.
Bhí an diabhal air chun bruighne le bata. Do mhair sé i Maghchromtha go dtí go raibh sé ana chríonna. Do buaileadh breoidhte an fear bocht agus cuireadh fios ar an sagart.
Do chuir an sagart an ola dhéanach air agus nuair a bhí an sagart ag imtheacht d'fhiafruig sé dhe an raibh sé sásta na aigne.
"Táim lán tsásta le bás d'fhághail " arsa Seán "agus nílim ag fiafruighe ach aon rud amháin díot-- sé sin nuair a gheobhad bás bata draighin duibh a chuir isteach sa chómhrainn liom mar tá a fhios agam gur go f-Ifreann a raghad agus nuair a raghad ann cuiread gach diabhal amach as leis an bata