School: Caolchoill (roll number 16087)

Location:
Kealkill, Co. Cork
Teacher:
Mícheál Ó Laoghaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 038

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 038

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caolchoill
  2. XML Page 038
  3. XML (no title)
  4. XML “Na Sióga”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Ar an nDrom-Ruadh (Dromroc) cúpla míle soir ó Bheanntraighe tá lios...

    (continued from previous page)
    shroiseadar béal an leasa is beag nár thuit an tanam asta le scannradh mar sínte annsúd ar an mála do bhí cnámhlach duine. Bhí an buicéád lán suas de theine dearg ar taobh de, an scolbh giúse sáidte san talamh agus é ar lasadh ar an dtaobh eile; síos trí na cheann do bhí bior iarrainn sáidhte - bior a bhí tímcheall trí troighthe ar fhaid nó ar aoirde. As an mála do bhí sruthán fola ag rith, - an sruthán do chuaidh go glúinibh orra. - agus ar an mbior iarrainn do bhí páipéar ceangailte ar an raibh an rud so leanas scríbhte:-
    "FÓGRA D'OG AGUS D'AOSTA"
    "Sé seó an críoch a bhearfhaidh eínne a bheidh ag cur isteach orrainne agus ar ár ngó"
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Do bhain na Croínini an baile amach cóm tapaidh agus d'fheadadar é agus ní baoghal gur bhacadar san ná eínne eile leis an lios ó shoin.
    Acht cad ba chiall leis an cnámhlach? Sé seo an miniúghadh do thug an seanachuidhe dómhsa. Dubhairt sé go raibh deóraidhe bocht ag gabháil an bóthar san uair amháin, go ndeachaidh sé isteach as lios ag cuardach an airgid agus gur coimeádadh ann é. Nuair theasuig ós na “Daoine maithe” feóil
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish