Scoil: Na Haodhraí (uimhir rolla 11021)
- Suíomh:
- Eyeries, Co. Cork
- Múinteoir: Proinnsias Ó Hurdail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Haodhraí
- XML Leathanach 301
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Thagadh saighdiúirí ó'n bhFrainnc fadó go Cathir-cém, agus cheannuighidís rudaí. Annsan dhíolidís na rudaí le daoine eile. Bhí alán airgid acu, agus bhíodh na Sasnaigh ar a dtóir i gcómhnuidhe. Aon lá amháin, núair bhí na Sasnaigh ar thóir na saighdúir ó'n bhFrainnc ní raibh fhos acu cad é an áit n-ár cuireadh an airgead. Bhíodar ag machtnamh ar feadh tamaill, agus annsan do cheapadar ar phlan.
Do chuadar isteach i dtig, agus do chuireadar an airgead ar an úrlár. Tig beag a b'eadh é. Do chuadar amach, agus do leagadar an tig, agus níorbh fhéídir le an saighdúirí Sasnaig an airgead d'fhághail. 50 blián ó shoin, bhí daoine ag cúardach chun an airgid d'fhághail, agus do fúaireadar cúpla píosa de. Fúaireadar airgead Franncach, agus aon lá amháin tháinig saighdiurí ó'n bhFrainnc isteach. Do thugadar an airgead dos na saighdúirí, agus níor airigheadar ríamh aon chaint 'na dtaobh as san amach.