School: Imleach Droighneach (roll number 14085)
- Location:
- Imleach Draighneach, Co. Kerry
- Teacher: Eibhlín Ní Chonmhuidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Imleach Droighneach
- XML Page 282
- XML “Síle an Drochid”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear óg agus bhí easba taboc air. Níor bfhéidir leis aon ruainne dfágháil agus bhí duil cráidhte aige ann.
Bhí seana bhean agus bhí a tig le h-ais drocid agus do cailleadh í. Bíodh sí a fheiscint na h aon oidhche taréis í chailleamaint agus píop ar lasadh aici agus í á síneadh chun aoinne ach ní ghlacadh aoinne í.
Dubhairt sé seo mar bhuachaill na beadh aon easba taboc air féin faid a bhí Síle an Droicid chómh fial le'n a píop. D'imthig sé oidhche mar seo fé déin Síle. Shín sí an phíop chuige agus ghlac sé í. D'ól sé a shásamh dhe agus shín sé chuice í agus dubhairt sé "Beannacht Dé led anam agus le hanam do mharbh" "Ól uait a thuille dhe" arsa Síle, d'ól sé botharáil eile dhe agus shín sé thairnis arís chuici í agus dubhairt an paidir cheudna. "Ól a thuille" arsa Síle agus tharraing sé aiste arís agus shín sé thairnis í agus dubhairt sé an paidir arís.
Thóg sí an tríomhadh uair í "Is tú an fear is fearr a gaibh chugam faid a táim annso sin a raibh de mhoill orm chun dul ins na flaithais go nguidhefeadh duine éigin lem anam trí uaire agus ní fheicfear annseo go deó arís mé.- Collector
- Máire Ní Suilliobháin
- Gender
- Female
- Age
- 15
- Address
- Fearann na hAbhann, Co. Kerry
- Informant
- Seán Uasal O Suilliobhan
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Occupation
- Saighdiúir
- Address
- Fearann na hAbhann, Co. Kerry