School: Gort na Scairbhe (roll number 14902)

Location:
Gortnaskarry, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cobhthaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0469, Page 134

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0469, Page 134

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort na Scairbhe
  2. XML Page 134
  3. XML “Scéal i dtaobh Bó a Chaill a Cuid Bainne”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean ann fadó agus ní fhuair sí aon im as bainne na mbó. Chuaidh sí go dtí duine críóna tuigsionach a bhí 'na chomhnuidhe inaice léi agus d'innis sí a cás dó. Dubhairt sé léi bheith ag feáchaint go maith timcheall cró na mbó nuair a raghadh sí ag crúdh ar maidin agus innsint do féin dá féacadh sí aon fear, bean nó ainmhidhe ar an am a bheadh sí ag crúdh. Bhí fuinneóg ar fhalla an chró agus nuair a chuaidh sí isteach ar maidin chonnaic sí cat bán in a luighe ar an bhfuinneóíg agus é ag crónán dó féin. D'innis sí an sgéal don bhfear agus dubhairt sé léi an tlú a dheargadh ar an dteine go math is nuair a raghadh sí isteach ag crúdh is dá mbeadh an cat ann lapa an tlú a ropa tré shuil an chait agus dá ritheadh sé leis feín faire go maith cá raghadh sé. Dhein sí mar a dubhairt sé léi agus bhí an cat ar an áit céádna agus é ag crónán
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish